GAELSCOIL NA GIÚISE
  • Ár Scoil / Our School
    • Gaeilge sa scoil
    • Ráiteas Fís
    • Brat Glas
    • Scoil Gníomhach >
      • Corpoideachas
      • Gníomhaíocht Coirp
      • Comhpháirtíochtaí
      • Seachtain Scoile Gníomhaí
    • Foireann
    • Bord Bainistíochta
    • Féinmheastóireacht / Self Evaluation
    • Stair na scoile
  • Baile
  • Féilire Scoile - Calendar
  • Polasaithe / Policies
  • Foirm Léiriú Spéise / Expression of Interest
  • Íocaíochtaí / Payments
  • Gailearaí na Giúise

Gníomhaíocht Coirp

Picture

Trealamh spóirt don chlós 

Tá a lán breagáin ag na naíonáin ar an gclós, Téann ceannairí ó Rang 6 síos gach lá chun iad a chur amach agus a bhailiú. Déanann Rang 6 gníomhachtaí leis na naíonáin freisin ag baint úsáide as an trealamh spóirt. Tá buicéad mór ag gach rang ó Rang 1 suas go dtí Rang 6 le liathróidí, téada scipeala, malaí ponairí srl. agus déanann na daltaí i ngach rang sealanna a bheith mar cheannairí chun gach rud a thabhairt amach agus isteach agus chun cinntiú nach gcaillimid aon rud. Baineann na daltaí an-taitneamh as seo agus cabhraíonn sé go mór leo a bheith gníomhach!

Ceol sa Chlós #AoineAnAoibhnis

Bhaineamar an-taitneamh as an gceol sa chlós ag am lóin. Bhí deis againn
an callaire nua a fuaireamar ó #ASF a úsáid. Táimid ag tnúth go mór
leis an chéad uair eile!

Picture

Ceannairí sa Chlós

Tá obair na gcapall curtha isteach ag na ceannairí i mbliana. Bíonn siad i mbun gníomhachtaí sa chlós,
Ag spreagadh daoine le bheith gníomach, ag cur ceoil ar siúl agus ag déanamh cinnte go bhfuil gach duine ag 
baint taitneamh as a bheith ag bogadh sa chlós!
Picture

Bealach Siúil 

I mbliana d’oscaileamar an bealach siúil don chéad uair. Téann sé timpeall na scoile agus cuidíonn sé go mór linn a bheith níos gníomhaí agus muid ar scoil. Má tá tú luath ag teacht ar scoil cén fáth nach leanann tú an bealach siúil chun cúpla céim breise a fháil sula dtosaíonn do lá! 
Bíonn muid ag baint úsáide as an mbealach siúil le linn an lae freisin. Thóg rang 6 gach rang amach chun triail a bhaint as agus bhí an-spórt againn ag cuardach dathanna, litreacha, bratacha agus amanna. 
Is breá leis na múinteoirí an bealach siúil a úsáid freisin chun ábhair éagsúla a mhúineadh!

Picture

Dúshlán na Sosanna Gníomhacha

Rinneamar An Dúshlán Sos Gníomhach i Mí na Nollag. Séard a bhí ann ná Sos Gníomhach difriúil a bheith ag na páistí gach lá. Idir a bheith ag rith, ag damhsa, ag déanamh aclaíochta agus siúlbhealach. Thaispéain sé seo dos na páistí go bhfuil go leoir bealaí difriúila le bheith gníomhach. 

Picture

Dúshlán Reatha (Rith timpeall na hEireann)

Ghlac an scoil ar fad páirt i Rith timpeall na hÉireann i rith mí Márta. Chuaigh gach rang amach ag rith gach lá agus rinne na páistí taifead ar an méid cuaird agus km a rinneadar le cabhair ó na múinteoirí. Gach lá chuir gach rang tic leis na háiteanna timpeall na hÉireann a bhí bainte amach acu.

Oíche Shamhna Ghníomhach

Bhí an-spórt d’Oíche Shamhna, Ghléas gach duine suas
 agus chuaigh muid ar shiúlóid tríd an páirc. Bhí rang 
a 5 agus a 6 go hiontach ag cabhrú leis na naíonáin. Maith sibh!
Picture

Deifir Dhaidí na Nollag/Maratón na bPáistí

Chun an cúid deireanach do Mharatón na bPáistí a bhí a dhéanamh ag rang 6, tháinig an scoil ar fad amach chun é a dhéanamh le céile. Bhíomar reidh don Nollaig lenar hataí!

Picture

Seachtain na Gaeilge (Céilí) 

Le linn seachtain na Gaeilge bhí seans againn ar scileanna damhsa a chleachtadh leis an Céilí Mór! Chuaigh Ranganna 5 agus 6 chuig Gaelcholáiste an Phiarsaigh chun céilí a dhéanamh leis dáltaí na idirbhliana agus tháínig ár gcomharsana  Foghlaim le Chéile chugainn chun céilí a dhéanamh le ranganna 3-4. 
Bhí an-spraoi againn agus táimid ag súil go mór níos mó damhsa a fhoghlaim don bhliain seo chugainn!

Picture
Powered by Create your own unique website with customizable templates.
  • Ár Scoil / Our School
    • Gaeilge sa scoil
    • Ráiteas Fís
    • Brat Glas
    • Scoil Gníomhach >
      • Corpoideachas
      • Gníomhaíocht Coirp
      • Comhpháirtíochtaí
      • Seachtain Scoile Gníomhaí
    • Foireann
    • Bord Bainistíochta
    • Féinmheastóireacht / Self Evaluation
    • Stair na scoile
  • Baile
  • Féilire Scoile - Calendar
  • Polasaithe / Policies
  • Foirm Léiriú Spéise / Expression of Interest
  • Íocaíochtaí / Payments
  • Gailearaí na Giúise