GAELSCOIL NA GIÚISE
  • Ár Scoil / Our School
    • Gaeilge sa scoil
    • Ráiteas Fís
    • Brat Glas
    • Scoil Gníomhach >
      • Corpoideachas
      • Gníomhaíocht Coirp
      • Comhpháirtíochtaí
      • Seachtain Scoile Gníomhaí
    • Foireann
    • Bord Bainistíochta
    • Féinmheastóireacht / Self Evaluation
    • Stair na scoile
  • Baile
  • Féilire Scoile - Calendar
  • Polasaithe / Policies
  • Foirm Léiriú Spéise / Expression of Interest
  • Íocaíochtaí / Payments
  • Gailearaí na Giúise

An Corpoideachas

Picture

-Faigheann gach rang ar a laghad 60 nóiméad corpoideachais gach seachtain
-Bíonn ár ranganna corpoideachais ar siúl sa halla spóirt agus amuigh ar an gclós freisin. 



Lúthchleasaíocht

-Sna ceachtanna lúthchleasaíochta bíonn na daltaí ag foghlaim conas le bheith ag rith, ag léim agus ag caitheamh  níos gaiste, níos faide agus níos airde. 
-Déanann Múinteoir Sorcha, Múinteoir Múireann agus Múinteoir Caoimhe traenáíl luthcleasaíochta 
-Beidh grúpa ag dul chuig UCD i mbliana (in ait Seantrabh) fresin!
-Rinne Rang 6 Maratón na bPáistí agus ghlac gach rang páirt i Rith timpeall na hEireann

Oiliúint uisce

-Déanann rang 2 an coras PAWS chun tacú leis an gcuid Uiscíochta den Chorpoideachas 
-Is féidir libh féachaint ar na ceachtanna sa bhaile leis an nasc seo:ihttps://paws.edco.ie/ 
-Rinne Ranganna 3-6 ceachtanna snámha san Ionad Fóillíochta Thamhlachta

Damhsa 

Thugamar tús áite don shnáithe Damhsa i mbliana chun feabhas a chur air.  Mar gheall ar sin cheanglaíomar Seachtain na Gaeilge agus ár gceachtanna Damhsa. I gcorpoideachas D’fhoghlaim gach rang Ballaí Luimnigh, An Dreoilín agus Cur Crúb ar an Asal. Bhí go leor seansanna againn iad a chleachtadh le linn Seachtain na Gaeilge
-Bhí Céilí Mór  againn sa halla spóirt, bhain muid an sult as seo! -Chuaigh Ranganna 5 agus 6 chuig Gaelcholáiste an Phiarsaigh chun céilí a dhéanamh leis na dáltaí san idirbhliain -Agus tháínig ár gcomharsana  Foghlaim le Chéile chugainn chun céilí a dhéanamh le ranganna 3-4 
Bhain muid callaire iniompartha ón fhoireann #ASF rud a chuidíonn go mór linn agus muid ag múineadh damhsa! Thosaigh muid ag déanamh #AoineAnAoibhnis freisin agus is breá linn é!
Picture

Gleacaíocht

Bíonn an-spórt againn agus muid i mbún ceachtanna gleachaíochta. Bíonn muid ag foghlaim bealaí difriúla le bheith ag luail cosúil le rolladh. Seo sampla de na bealaí difriúla gur féidir linn a bheith ag rolladh:
-Rolladh Peann Luaidhe/Lomáin
-Rolladh Uibhe/Craptha
-Rolladh Méise/Droim Stuach
-Rolladh Scaradh Gabhail/Béirín
-Rolladh James Bond/Gualainne
-Rolladh Wonder Woman
​-Rolladh chun tosaigh
-Rolladh ar gcúl (Cúlrolladh)
Is breá linn grúp-shraitheanna a tháirgeadh agus a tháispeáint dár gcairde!

Cluichí

I rith ceachtanna Cluichí faigheann na daltaí deiseanna scilleannaa fhobairt, cluichí a chruthú agus a imirt, cluichí nua agus aitheanta a chiallú agus a léirthuiscint.
Thug Stiofan ó Tómas Dáibhís agus Adam ó Naomh Áine go leor tacaíochta duinn leis an snáithe seo i mbliana. Bhain na páistí an-sult as na ceachtanna leo.
Bhí 3 fhoireann péile againn don chéad uair i mbliana, buachaillí, cailiní agus measctha. Agus  bhí an chéad fhoireann iomanaíochta againn freisin. Táimid ag dul ó neart go neart!

Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta

Rinneamar léarscáil don chlós sa dóigh is go bhfuil muid in ann treodóireacht a dhéanamh taobh amuigh. D’oscaileamar an bealach siúil freisin i mbliana rud atá iontach!
Powered by Create your own unique website with customizable templates.
  • Ár Scoil / Our School
    • Gaeilge sa scoil
    • Ráiteas Fís
    • Brat Glas
    • Scoil Gníomhach >
      • Corpoideachas
      • Gníomhaíocht Coirp
      • Comhpháirtíochtaí
      • Seachtain Scoile Gníomhaí
    • Foireann
    • Bord Bainistíochta
    • Féinmheastóireacht / Self Evaluation
    • Stair na scoile
  • Baile
  • Féilire Scoile - Calendar
  • Polasaithe / Policies
  • Foirm Léiriú Spéise / Expression of Interest
  • Íocaíochtaí / Payments
  • Gailearaí na Giúise