An Coiste
Tá Coiste Gníomhach iontach againn i nGaelscoil na Giúise. Bíonn cruinnithe againn go rialta chun smaointe a roinnt agus scéalta faoi cad atá ag tarlú a scaipeadh. Tá go leor freagrachtaí ag an gCoiste:
-Spreagann siad muid ar an gclós chun a bheith gníomhach
-Déanann siad cinnte go mbíonn an trealamh spóirt do chorpoideachas agus an clós eagraithe
-Déanann siad cinnte go bhfuil a fhios ag gach duine cad atá ag tarlú maidir leis and brat gníonaach
-Cuireann siad an nacht is déanaí ar an gclár fograí
-D’eagraigh siad comórtas chun don mhana nua
-Bíonn siad i gceannas ar gníomhachtaí ar an gclós
Cuidíonn a lán daltaí eile leis an gcoiste gníomhach go hairithe ar an gclós.

Mana
Rith an Coiste Gníomhach comórtas chun smaoineamh ar mhana nua don scoil. Rinne gach rang sár-jab ag dearadh póstaer! An mana a bhuaigh an comórtas na "Bígí ag bogadh, bígí ag spraoi, bígí ag imirt agus beidh tú aclaí! Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt!
Oilimpeacha Beo
Bhí an t-ádh dearg orainn bualadh leis an ngleacaí Rhys McClenaghan agus an
dornálaí Aidan Walsh ar líne. Bhí sé go hiontach le bheith ag éisteacht leo agus
iad ag caint faoi na rudaí a spreag iad agus na moltaí a bhí acu do dhaoine óga.
dornálaí Aidan Walsh ar líne. Bhí sé go hiontach le bheith ag éisteacht leo agus
iad ag caint faoi na rudaí a spreag iad agus na moltaí a bhí acu do dhaoine óga.
Aitheantas do ghníomhaíocht choirp taobh amuigh den scoil (tionól)
Is maith linn aitheantas a thabhairt do na buanna agus an tallann atá ag na páistí taobh amuigh den scoil freisin. Mar gheall ar sin, bionn seans ag daltaí teacht suas chun a bheith ag caint faoi na heachtaí a bhaineann siad amach agus go cinnte chun bualadh bos mór a fháile freisin!
Suirbhé
Rinne an coiste gníomhach an-obair chun fáil amach ceard iad na clubanna atá muid mar bhaill. Bhí na torthaí an-suimiúil ar fad!
Seo taispeántas do na torthaí, is léir go bhfuil muid an-gníomhach taobh amuigh den scoil fosta!
Seo taispeántas do na torthaí, is léir go bhfuil muid an-gníomhach taobh amuigh den scoil fosta!
FAI
Bhí dhá lá iontach againn roimh an mbriseadh ag comórtas FAI do pháistí bunscoile. D’imir
na buachaillí go han-mhaith agus bhí go leor cúil deasa ar an lá! Níor éirigh leo dul níos
faide ach ba cheart dóibh a bheith an-bhródúil as a gcuid iarrachtaí.
Bhí na cailíní ar fheabhas an lá dár gcionn. D’imir siad go hiontach. Bhí siad
mar chuid de chiceanna pionóis chun an cluiche ceannais a bhaint amach. Sa chluiche sin
tháinig siad ó 2-1 taobh thiar le buachaint 4-2! Bhíomar an-sásta gur éirigh leo an chéad
bhabhta eile a bhaint amach. D’imir siad arís ar an 4ú Bealtaine do chluichí ceannais an chontae. Is léir go bhfuil a
lán tallann againn sa scoil agus táimid ag súil go mór cúpla foireann a chur isteach arís an bliain chugainn.

Maratón na bpáistí
Bhí Rang 6 páirteach i Maratón na bPáistí ó thús na
scoil bhliana agus chuir siad críoch leis roimh an Nollaig. Chuaigh an scoil
ar fad amach ar an gclós chun tacú leo. Maith sibh, tá go leor oibre curtha
isteach agaibh a pháistí!
scoil bhliana agus chuir siad críoch leis roimh an Nollaig. Chuaigh an scoil
ar fad amach ar an gclós chun tacú leo. Maith sibh, tá go leor oibre curtha
isteach agaibh a pháistí!
Lúthchleasaíocht
Mar chuid den lúthchleasaíocht sa scoil glacann na páistí páirt i gcomótas ‘Seantrabh’. I mbliana tá siad ag dul chuig an raon nua i UCD. Tá sé ar siúl ag deireadh Mí Bealtaine. Beidh na páistí ag glacadh páirt i rasaí difriúla cosúil le rás sealaíochta, ráibrás agus rás 600m. Tá an treanáil ag dul go han-mhaith.
Peil Ghaelach
Thosaíomar ag glacadh páirt i gCumann na mBunscol an bhliain seo chaite. I mbliana, ghlac 3 fhoireann peile ón scoil páirt i gCumann na mbunscol. Bhí foireann buachaillí R5&6, foireann cailíní R5&6 agus foireann R3&4. D’éirigh ar fheabhas leis na foirne ar fad agus d’éirigh le fhoireann na buachaillí dul chomh fada leis an leath chraobh. Beidh blitz peile ag R2, R3, R4 agus R5 agus teacht suas go luath idir na scoileanna áitiúla agus tá na páistí ar bís.
Iománaíocht/ Camógaíocht
Chuireamar amach ár gcéad fhoireann iománaíochta agus camógaíochta chun páirce i mbliana. Tá ag éirí go han-mhaith leo faoi láthair agus tá páistí Rang a 4, Rang a 5 agus Rang a 6 ag baint an-taitneamh as agus ag léiriú ard-scileanna ar an bpáirc.
Adam ó Naomh Áine agus Stiofán ó Tómas Dáibhís
Tá an t-ádh linn go dtagann Stiofán ó CLG Tómas Dáibhís Adam ó CLG Naomh Áine chun scileanna peile is iomáint a dhéanamh leis na ranganna. Tugann sé seo blas dos na páistí, go háirithe na páistí óige, trial a bhaint as rudaí nua agus spreagann sé seo iad a bheith mar bhaill de chlub CLG. Tá an-chuid de na páistí mar bhaill de chlub Naomh Áine, chomh maith le Tomás Daibhís agus Baile Buadáin Naomh Éanna, is iontach an rud é.