Gaeilge sa scoil
‘Sí an Ghaeilge gnáth-theanga laethúil na scoile agus múintear gach ábhar, seachas an Béarla trí mheán na Gaeilge. Foghlaimíonn na páistí an teanga go nádúrtha sna blianta tosaigh ar scoil. Clúdaíonn an scoil an curaclam céanna is atá ag gach scoil. Iarrtar ar thuismitheoirí agus gach éinne a thagann ag an scoil tacú leis an nGaeilge.
An luath thumoideachas
Tá an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm againn sa scoil. Ciallaíonn seo, nach múintear Béarla go dtí Rang a hAon. Ón gcéad lá ar scoil, labhraítear i nGaeilge amháin leis na páistí. Déantar seo le cinntiú gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide na bpáistí agus go bhfuil siad in ann tabhairt faoin gcuraclam iomlán trí mheán na Gaeilge. Foghlaimíonn na páistí conas léamh trí Ghaeilge i dtosach agus ansin i mBéarla. Trasnaíonn na scileanna léitheoireachta atá foghlamtha acu sa Ghaeilge go héasca. Tá an luath-thumoideachas iomlán aitheanta go forleathan timpeall an domhain mar an tslí is éifeachtaí chun teanga a mhúineadh do pháistí.
Irish in the school
The daily language of the school is the Irish language and all subjects, except English, are taught through the medium of Irish. Children learn the language naturally as they progress through their early years in school. The school covers the same curriculum as all primary schools. Parents and all visitors to the school are asked to support their children in speaking Irish and to use whatever Irish they have when they come to the school.
Early immersion education
We adopt a full early immersion education policy in school. This means that English is not taught until the children are in 1st class. The children are spoken to in Irish only, from the first day of school. This is done to ensure that Irish is the communicative language of the school and to enable them to contend with the entire school curriculum through Irish. Children learn to read in Irish first and then in English. When they go to read in English the reading skills they have learnt through Irish easily transfer to English. Early full immersion is recognised worldwide as the most effective way to teach a language to children