Cáilín Cineálta, Oibrí Iontach agus Gaeilgeoir den Scoth!!!
Maith sibh Nollaig agus Killian a fuair bonn inniu!
Ag éisteacht leis an scéal 'Conas tá tú?' Ceann amháin de na leabhair nua a fuaireamar le gairid sa scoil.
Rinneamar líreacáin dearg agus bán chun an dán 'Bríste Strachta' a rá inniu ag an dTionól.
Rinneamar mascanna chun léiriú drámaíochta a dhéanamh, a leithéid de ruaille buaille ó na hainmhithe go léir!
Nach againn a bhí an spraoi inniu ag insint scéal An Chircín Bheag Rua go Rang Múinteoir Sorcha. D'úsáid muid guthanna difriúla don chat, don mhadra, don mhuc agus don chircín! Bhí Múinteoir Caitríona an-sásta linn :)
Bronnadh bonn orainn inniu! Bhí bród an domhain orainn!
Killian 'Réalt an ranga' agus Aoibhe 'Gaeilgeoir na Seachtaine'.
Rinneamar sár-iarracht an tseachtain seo chun na pictiúir álainn seo a dhéanamh. Tá an scéal An Chircín Bheag Rua ar eolas againn agus d'inis muid inniu é le haghaidh Tionól na Seachtaine! Bhí ár gcuid Gaeilge ar fheabhas ar fad!
Ag casadh ceoil le Rang Múinteoir Sorcha.
Ag baint taitneamh as an gceol le Catherine an Múinteoir Ceoil.
Alex agus Saoirse -Buaiteoirí na Seachtaine
Chan muid amhrán nua 'Déan Deifir' agus rinne muid aithris ar an dán 'An Sneachta' i dTionól na seachtaine inniu.
Fir Sneachta- déanta le péint, feilt agus páipéar daite.
Bhíomar ag foghlaim faoin spideog an tseachtain seo. Amharc ar ár obair iontach!
Déanann torthaí maitheas duit! Tharraing muid babhlaí torthaí blásta.
Thaitin an scéal An Phéist Mhór linn. Tharraing muid pictiúir álainn den Phéist!
Tús na bliana atá ann agus táimid ag foghlaim míonna na bliana! Tá amhrán againn le cuidiú linn. Amharc ar ár mbreithlaethanta!
An Córas Réalta. Táimid ag bailiú réalta ar scoil!
Caoimhe agus Shane a fuair Duais Cineáltais! Maith sibh!
Alex Ní Cheallaigh agus ó Alex ó Naíonáin Bheaga a bhí mar Gaeilgeoirí na Seachtaine! Lean oraibh, tá sibh go hiontach!
Jessica, Shane, Aoibhe agus Saoirse a fuair Teastas ar an Aoine. Bhí an 'Tinreamh is Fearr' ó thús na scoilbhliana acu! Maith sibh a pháistí!
Seó na Puipéad le Múinteoir Marilyn
Mí Dheireadh Fómhair
Táimid ag foghlaim faoin bhfómhair agus rinneamar gráinneog ar scoil.
Táimid ag foghlaim faoin bhfómhair agus rinneamar gráinneog ar scoil.
Rannta
An Plainéad Trug
Dia dhaoibh a pháistí,
Is Mise Lug,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Is plainéad deas é,
Plainéad beag,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Dia dhaoibh a pháistí,
Is Mise Gug,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Is plainéad deas é,
Plainéad beag,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Íní Míní Meidhní Mó
Íní Míní Meidhní Mó
Tóg do sheans anois go beo,
Bhuail an moncaí bocht a cheann,
Is thit an créatúr anuas den chrann.
Íní míní meidhní mó,
Tá na ba istigh sa chró,
'Sí Máire bheag a chuirfear leo,
Íní míní meidhní mó.
An Lón
Rinne Lug dearmad
Ar a bhosca lóin
'Ó céard a dhéanfas mé?' arsa Lug,
'Och, och! Ochón!'
D'ith sé cailc dhearg
Is d'ól sé péint ghlas.
'An-bhlasta!' arsa Lug -
'Bhí an lón sin go deas!'
Aintín Anna
Aintín Anna,
Tá sí ag teacht.
Tá sí ag teacht
Chun muid a chur faoi smacht.
Suigh suas, bí néata,
Bígí béasach,
ah, ah, ah.
Is ná bígí glórach!
Go hiontach.
Dia dhaoibh a pháistí,
Is Mise Lug,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Is plainéad deas é,
Plainéad beag,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Dia dhaoibh a pháistí,
Is Mise Gug,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Is plainéad deas é,
Plainéad beag,
Tá cónaí orm ar an bplainéad Trug.
Íní Míní Meidhní Mó
Íní Míní Meidhní Mó
Tóg do sheans anois go beo,
Bhuail an moncaí bocht a cheann,
Is thit an créatúr anuas den chrann.
Íní míní meidhní mó,
Tá na ba istigh sa chró,
'Sí Máire bheag a chuirfear leo,
Íní míní meidhní mó.
An Lón
Rinne Lug dearmad
Ar a bhosca lóin
'Ó céard a dhéanfas mé?' arsa Lug,
'Och, och! Ochón!'
D'ith sé cailc dhearg
Is d'ól sé péint ghlas.
'An-bhlasta!' arsa Lug -
'Bhí an lón sin go deas!'
Aintín Anna
Aintín Anna,
Tá sí ag teacht.
Tá sí ag teacht
Chun muid a chur faoi smacht.
Suigh suas, bí néata,
Bígí béasach,
ah, ah, ah.
Is ná bígí glórach!
Go hiontach.