GAELSCOIL NA GIÚISE
  • Ár Scoil / Our School
    • Ráiteas Fís
    • Teagmháil
    • Ranganna Oideachas Speisialta
    • Foireann
    • Folláine
    • Clubanna Iarscoile
    • Brat Glas
    • Scoil Gníomhach >
      • Corpoideachas
      • Gníomhaíocht Coirp
      • Comhpháirtíochtaí
      • Seachtain Scoile Gníomhaí
    • Fócas na Míosa
    • Amhráin na Míosa
    • Bord Bainistíochta
    • Stair na scoile
  • Féilire Scoile / Calendar
  • Polasaithe / Policies
  • Clárú / Registration
  • Íocaíochtaí / Payments
  • Twitter / X

Folláine
Wellbeing

Folláine / Wellbeing

I nGaelscoil na Giúise, aithníonn muid an tábhacht a bhaineann le atmaisféar sábhailte, sona a chruthú sa scoil. Spreagtar na páistí le bheith cineálta agus tuiscint a léiriú dá chéile.
In Gaelscoil na Giúise, we recognise the importance of creating a safe, happy environment in the school. The children are encouraged to be kind, and understanding of each other.
​

Dá bhrí sin, mar chuid den "Phlean Feabhsúcháin Scoile", tá muid ag díriú ar an bhfolláine. 
Therefore, as part of our “School Improvement Plan” we are focusing on wellbeing. 

Tá coiste folláine againn sa scoil. Tá ionadaí ranga againn ó Rang a 1 - Rang a 6. Bíonn cruinnithe rialta againn ina ndéantar plé ar chúrsa folláine sa scoil. Bíonn neart smaointí ag an gcoiste!
We have a wellbeing committee in the school. There are representatives from Rang a 1 - Rang a 6 on the committee.  We have regular meetings to discuss matters relating to wellbeing in the school. The committee always have plenty of ideas!
Picture



​Seachtain Fholláine / Wellbeing Week

Bhí “Seachtain Fholláine” againn sa scoil. Bhí béim curtha ar théama difriúl gach lá.
We had a “Wellbeing Week” in the school. There was a different theme everyday. 

  • Luan Luachmhar (Thankful Monday)
    Rinneadh plé ar na daoine agus rudaí atá muid buíoch as. Scríobh daltaí dánta agus     rinne siad cártaí le buíochas a ghabháil.
    We spent time thinking about all of the many people and things we are grateful for. Pupils wrote poems and made thank you cards.

  • Máirt Mhachnamhach (Thoughtful Tuesday)
    Ag díriú ar cén dóigh an féidir linn a bheith cineálta linn fhéin and le daoine eile.
    We focused on how we can be kind to ourselves and others.

  • Céadaoin Chairdeas (Friendship Wednesdays)
    Rinneadh plé ar cad is cara maith ann. Pléadh na dóigheanna go léirítear cairdeas. 
    We discussed what makes a good friend and how we can show friendship to others.

  • Déardaoin Draíochta (Magic Thursdays)
    Dírítear ar nóiméad ar a dtugtar “Bogha Báistí” orthu. Déantar plé ar na nóiméid beaga i rith an lae ina dtarlaíonn rudaí maithe agus díríodh orthu.
    We focused on “Rainbow” moments. The children were thinking about all of the little moments during the day when good things happen and focused on them.

  • Aoine Aireach (Mindful Friday)
    Dírítear ar a bheith aireach trí analú, siúlóidí, dathú agus noiméid a ghlacadh le bheith aireach.
    We focused on being mindful through our breathing, mindful walks, colouring and mindful moments.
​
Seo samplaí den obair iontach a bhí ar siúl acu: 
Here are some samples of their great work:



​Gleacaíocht / Gymnastics

Mar chuid den 'Seachtain Fholláine', bhí deis ag na daltaí páirt a ghlacadh i gceardlann gleacaíochta. Bhain siad an-sult as!
As part of the 'Wellbeing Week', the students took part in a gymnastic workshop. They really enjoyed it!



​Suirbhé / Survey

Tá tuairimí páistí, tuismitheoirí agus foireann na scoile tábhachtach agus muid ag féachaint ar conas atá ag éirí linn i réimse na folláine inár scoil. Cuireadh suirbhéanna amach le deis a thabhairt do gach duine a dtuairimí a nochtadh.
The views of pupils, parents and staff are important as we look at how we are doing in the area of wellbeing in our school. Surveys were sent out to give everyone the opportunity to express their views. 

Torthaí / Results
Tháinig torthaí an-dearfach chun solais. An rud ab fhearr le formhór na ndaltaí faoin scoil nó a gcuid cairde. Beidh foireann na scoile ag déanamh machnaimh ar aon mholta a tháinig chun cinn.
The results were very positive. The majority of children reported that their friends were their favourite thing about school. The staff in the school will reflect on any recommendations that came to light. 

Torthaí - Suirbhé na dTuismitheoirí / Results - Parent Survey
Líon go leor tuismitheoirí an suirbhé amach. Seo iad na torthaí. Tugadh deis do na tuismitheoirí nótaí tráchta a scríobh fosta. Arís, beidh foireann na scoile ag déanamh machnaimh ar aon mholta a tháinig chun cinn. Tá muid i gcónaí ag iarraidh dul i bhfeabhas. 
A large number of parents filled out the survey. These are the results. The parents were given the opportunity to write comments too. Again, the staff in the school will be reflecting on any recommendations. We are always striving to improve.

Na ceisteanna a bhí curtha / The questions asked:
1) Tá an scoil fáilteach agus is éasca do gach dalta bealach a dhéanamh isteach agus amach as an scoil. 
The school is welcoming and accessible to all pupils.

2) Tá an scoil fáilteach agus is éasca do thuismitheoirí/do chúramóirí bealach a dhéanamh isteach agus amach as an scoil. 
The school is welcoming and accessible to parents/carers.

3) Coinnítear an scoil go maith agus go geal.
 The school is well kept and bright.

4) Is féidir le mo pháiste páirt a ghlacadh in imeachtaí  scoile, amhail spórt, ealaín, drámaíocht, damhsa, ceol etc.
 My child can take part in activities at school, like sport, art, dancing drama, music etc.

5) Mothaíonn mo pháiste mar chuid de phobal na scoile. 
My child feels part of the school community.

6) Feictear don scoil go bhfuil an tsláinte agus an fholláine tábhachtach.
 The school sees health and wellbeing as important.

7) Spreagann an scoil an smaoineamh go ndéanann gach leanbh a d(h)ícheall. 
The school encourages the idea of every child doing their best.

8) Tá a fhios agam go bhfuil cúnamh/tacaíocht bhreise ar fáil do dhaltaí a bhfuil gá acu leis.
 I know that extra help/support is available for pupils who need it.

9) Cuirtear ar an eolas mé faoi na polasaithe scoile. 
I am informed about the policies in the school.

10) Cuirtear chun cinn agus spreagann an scoil scoláirí/daltaí chun páirt a ghlacadh i ngníomhachtaí fisiciúla.
 The school promotes and encourages students/pupils to be physically active.

11) Is dóigh liom go gcaitheann foireann na scoile go híogaireach le faisnéis rúnda a roinnim leo faoi mo pháiste.
 I feel that school staff are sensitive to confidential information that I share with them about my child.

12) Is le meas a dhéanann an scoil cumarsáid  liom nuair a thagann ceisteanna chun cinn. 
The school communicates respectfully with me when issues arise.

13 )Tá a fhios agam cén duine le teagmháil a dhéanamh leis nó léi má bhíonn imní orm maidir le saincheisteanna scoile nó maidir le mo pháiste.
 I know who to  contact if I have a concern regarding school issues or my child.

14) Tá a fhios ag mo pháiste cé leis a labhróidh sé nó sí ar scoil má bhíonn ábhar imní air nó uirthi. 
My child knows who to talk to in school if they have a worry or concern.

Freagraí / Answers: Tá (Yes)   Níl (No)   Uaireanta (Sometimes)
Picture
  • Ár Scoil / Our School
    • Ráiteas Fís
    • Teagmháil
    • Ranganna Oideachas Speisialta
    • Foireann
    • Folláine
    • Clubanna Iarscoile
    • Brat Glas
    • Scoil Gníomhach >
      • Corpoideachas
      • Gníomhaíocht Coirp
      • Comhpháirtíochtaí
      • Seachtain Scoile Gníomhaí
    • Fócas na Míosa
    • Amhráin na Míosa
    • Bord Bainistíochta
    • Stair na scoile
  • Féilire Scoile / Calendar
  • Polasaithe / Policies
  • Clárú / Registration
  • Íocaíochtaí / Payments
  • Twitter / X